Tharla na feabhsuithe seo de thoradh an chláir Ag Forleathnú Amach (Branching Out), arbh í an ghné ba thábhachtaí í de thuarascálacha bliantúla na Comhairle le deich mbliana anuas. D’fháiltigh an Chomhairle roimh an seoladh a rinne an tAire Gormley agus an tAire Stáit Kitt ar an dara clár Ag Forleathnú Amach, Ag Forleathnú Amach: Treonna sa Todhchaí i Mí an Mheithimh 2008.
Féachann an cháipéis nua ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo agus aithníonn sí na dúshláin atá roimh sheirbhís na leabharlanna poiblí i rith na tréimhse 2008-2013. Agus é ag tógáil ar an tuarascáil bhunaidh Ag Forleathnú Amach, folaíonn Ag Forleathnú Amach: Treonna sa Todhchaí roinnt áirithe moltaí chun taca a chur faoi fhorbairt na seirbhíse thar na sé bliana atá rómhainn.
I measc na moltaí tá fairsingiú chlár na ndeontas caipitil. Bhí áthas ar an gComhairle na foirgnimh leabharlanna iontacha nua a d’oscail i rith na bliana 2008 a thabhairt dá haire, rud arbh fhéidir a dhéanamh de bharr dheontais an Aire Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus de bharr an mhaoinithe dá gcuid féin a thug na húdaráis áitiúla.
Ba chóir foirgnimh dá leithéid a chur chun cinn chomh forleathan agus is féidir, agus i Mí an Mheithimh bhí ríméad orm www.librarybuildings.ie a sheoladh. Is éard atá ann ná seirbhís nua a thaispeánann na foirgnimh agus seirbhísí leabharlanna poiblí sármhaithe a thairgeann na comhairlí contae agus cathrach ar fud na hÉireann.
Thairis sin, d’fháiltigh an Chomhairle roimh thacaíocht leantach an Aire, rud a bhí follasach ó dheonú na ndeontas, arbh éard a bhí iontu ná €14,186,357.57 go hiomlán, ar cheithre cinn is fiche d’údaráis áitiúla. Déanfaidh na deontais sin sochair mhóra d’úsáideoirí na leabharlanna sna ceantair sin.
I bhfianaise na timpeallachta geilleagraí, ní mór do gach seirbhís phoiblí féachaint ar shlite le seirbhísí a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtúla, agus tá úsáid an Idirlín agus na dteicneolaíochtaí gréasáin ar cheann de na slite tábhachtacha chuige sin. Tá leabharlanna poiblí ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an ríomhchuimsiú, mar atá léirithe sa rath ar an gclár Na Leabharlanna Ag Athrú.
Tá an láithreán www.askaboutireland.ie athchóirithe go hiomlán ag buíon Na Leabharlanna Ag Athrú de chuid na Comhairle, le tacaíocht na foirne leabharlanna ar fud na tíre. Beidh sé beo i rith na bliana 2009.
Cur chuige tábhachtach chun luach ar airgead a bhaint amach sa tseirbhís phoiblí is ea an comhar. Déantar cur síos ar an iliomad comhghníomhartha i leathanaigh na tuarascála seo agus taispeánann siad an chaoi a ndéanann an comhoibriú leas na seirbhíse leabharlanna poiblí. Is mór le Comhairle an deis ar obair le húdaráis áitiúla, gníomhaireachtaí stáit eile, agus eagraíochta comhpháirtíochta chun tacú le seirbhísí leabharlanna timpeall na tíre.
Bhí áthas orm le linn na bliana crann a chur chun cothrom seasca bliain an chéad chruinnithe den Chomhairle Leabharlanna a cheiliúradh. Ina theannta sin, chuireamar síolta fiontair nua i gcomhair na Comhairle trí bhunú na Scéime um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal. Is maith an comhartha é don todhchaí gur chaith foireann na Comhairle agus a gcomhghleacaithe sna leabharlanna poiblí an oiread sin dúthrachta leis an Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal.
I dtaca le seirbhís rafar leabharlanna poiblí de, is dlúth agus inneach na beatha iad an comhar agus an comhoibriú, agus thar ceann na Comhairle, gabhaim buíochas le bainisteoirí na n-údarás áitiúil, na stiúrthóirí seirbhísí, agus go háirithe na leabharlannaithe contae agus cathrach agus foireann na leabharlanna poiblí, as a dtacaíocht i rith na bliana.
Dlíonn an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus a chuid oifigeach, ár mbuíochas freisin as ucht a dtacaíochta leanúnaí.
Déanann tuarascáil bhliantúil na bliana 2008 taifead ar a lán tionscnamh a dhéanann fianaise le hobair dhian fhoireann na Comhairle, faoi cheannaireacht ár Stiúrthóra, Norma McDermott. Thar ceann mo chomhghleacaithe go léir ar an gComhairle, is mian liom buíochas a ghabháil leis an Stiúrthóir agus lena foireann uile as a seirbhís ghairmiúil dhíbhirceach.
Mark Dearey
Cathaoirleach
Meitheamh 2009

