6. Taighde agus Faisnéis

Cuireann Roinn an Taighde agus na Faisnéise de chuid na Comhairle acmhainní, saoráidí agus saineolas taighde ar fáil chun cabhrú le foireann na Comhairle, le húsáideoirí ó earnálacha na leabharlanna poiblí agus na leabharlanna eile agus le mic léinn eolaíochta leabharlainne agus faisnéise in Éirinn agus ar an gcoigríoch.

Cuimsíonn seirbhísí faisnéise na Comhairle an leabharlann taighde, seirbhís na bhfiosruithe agus raon foilseachán lena n-áirítear Irish Library News, an tseirbhís feasachta reatha TIPS, agus miondealuithe ar staitisticí leabharlanna poiblí.

Láithreáin Ghréasáin
Tá Seirbhís an Taighde agus na Faisnéise freagrach as forbairt leantach an láithreáin ghréasáin tairsí leabharlanna www.library.ie agus as forbairt leantach bhunachar sonraí na bhFoirgneamh Leabharlanna Poiblí www.librarybuildings.ie.

link to www.library.ie

www.library.ie

Tugtar Library.ie cothrom leis an eolas is déanaí cúpla uair gach seachtain agus tharraing sé os cionn 250,000 cuairt sa bhliain 2008.

Suirbhé ar Úsáideoirí na Leabharlanna Poiblí
Foilsíodh sa bhliain 2008 torthaí an tsuirbhé náisiúnta ar úsáideoirí na leabharlanna poiblí, a rinneadh sa bhliain 2007. Chomhordaigh an Chomhairle an suirbhé ar an leibhéal náisiúnta agus mhaoinigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil é.

Leabharlann Taighde
researchlibrary1Tá leabharlann taighde á cothabháil ag an gComhairle agus is éard atá sa leabharlann taighde ná leabhair, sraithfhoilseacháin, ábhar cartlainne, grianghraif agus ábhar ilmheánach faoin earnáil leabharlainne agus faisnéise agus faoi riachtanais na bproifisiúnach leabharlainne agus faisnéise, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí na n-údarás leabharlanna poiblí. I rith na bliana 2008 cuireadh caoi ar fáil le teacht ar líne chun na catalóige de chuid na Leabharlainne Taighde trí láithreán gréasáin na Comhairle.

Cuireann an Chomhairle seirbhís na bhfiosruithe ar fáil – tríd an nguthán, tríd an ríomhphost, tríd an bpost agus ar líne – faoi ghnóthaí a bhaineann le leabharlanna agus leabharlannaíocht in Éirinn.

Tá an Leabharlann ar oscailt ó 9.30 go 13.00 agus ó 14.00 go 17.00, Luan go hAoine, ach coinne a dhéanamh.

Foilseacháin

Irish Library News

Irish Library News


Tá an Chomhairle ag foilsiú Irish Library News ó bhí 1977 ann agus coimisiúnaíodh dearadh nua sa bhliain 2007. Tháinig an chead eagrán sa dearadh nua amach i bhFeabhra 2008. Foilsíodh naoi n-eagrán (uimhreacha 278-286).

Dáiltear Irish Library News go leictreonach freisin agus féadfar é a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Comhairle.

Foilsíodh deich n-eagrán de sheirbhís fheasachta reatha TIPS sa bhliain 2008, a chuireann ábhar ar fáil ar díol suime d’fhoireann na leabharlanna é.

Staitisticí
Leanann an Chomhairle de bheith ag bailiú agus ag miondealú na staitisticí ar chaiteachas na n-údarás leabharlanna poiblí. Foilsíodh Meastacháin Bhliantúla ar Chaiteachas 2008 na nÚdarás Leabharlanna Poiblí i bhfoirm leictreonach i rith 2008. Thairis sin, foilsíodh achoimre mar leagan clóite agus mar leagan leictreonach agus eisíodh chuig na húdaráis áitiúla, chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus chuig na páirtithe leasmhara eile í.