Is éard atá sa Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal ná an modh chun go bhféadfaidh údair íocaíocht a fháil i leith iasachtaí a leabhar a dhéanann leabharlanna poiblí. Ba sa Danmhairg i mbliain a 1947 a tugadh isteach an chéad Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal, agus ó shin lean mórán tíortha lorg na Danmhairge, ina measc an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin.
Ghlac an tAontas Eorpach sa bhliain 1992 le Treoir maidir le ceart chun iasachtaithe agus cíosa a dheonaíonn d’údair ‘an ceart eisiach chun cíos agus iasachtú a saothar a údarú nó a thoirmeasc’. Ceadaíonn an Treoir do Bhallstáit ‘maolú a dhéanamh ar an gceart eisiatach … ar chuntar, ar a laghad, go bhfaighidh údair luach saothair i dtaca le hiasachtú dá leithéid’.
Rinne Éire forálacha Threoir an Aontais Eorpaigh ar an iasachtú poiblí a fhí isteach tríd an Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000.
Sa bhliain 2003, áfach, thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí dlíthiúla in aghaidh na hÉireann as teip ó thaobh forálacha áirithe na Treorach maidir le ceart chun iasachtaithe agus cíosa, go sonrach maidir leis an iasachtú poiblí, a fhí isteach i gceart.
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach i bhfabhar an Choimisiúin sa chinneadh a sheachaid an chúirt sin in Eanáir 2007.
Chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh, thug an Rialtas an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar (Leasú) 2007 isteach, a achtaíodh i Nollaig na bliana 2007. Cumasaíonn an tAcht don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, de bhun a dhualgas i ndáil le húdaráis leabharlanna, rialacháin a dhéanamh chun ‘Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal’ a bhunú faoina dtabharfar luach saothair d’údair i leith iasachtaí a leabhar a dhéanann leabharlanna poiblí ‘as airgead a sholáthróidh an tOireachtas’.
Thairis sin, leasaigh an tAcht alt 79 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 chun bunús reachtúil a chur ar fáil don Chomhairle Leabharlanna ó thaobh scéim um luach saothair ó iasachtaí leis an bpobal a riar thar ceann an Aire.
Bhunaigh an Chomhairle i rith na bliana 2008 Oifig um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal chun an Scéim a chur ar bun agus a bhainistiú. I ndiaidh mionteagaisc do leabharlannaithe contae agus cathrach i Meitheamh 2008, d’ainmnigh gach údarás leabharlanna ball foirne chun idirchaidreamh a dhéanamh leis an gComhairle faoi shaincheisteanna um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal.
I nDeireadh Fómhair, chuir an Oifig um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal sonraíocht ar fáil i leith mhodúl na n-iasachtaí um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal do na húdaráis leabharlanna poiblí agus do sholáthraithe an Chórais Bhainistíochta Leabharlanna. Déanann an modúl éascaíocht do sholáthar sonraí míosúla ar iasachtaí ó údaráis leabharlanna poiblí don Oifig um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal, ina dtugtar sonraí den méid uaireanta a eisítear gach leabhar ina mbailiúcháin le linn tréimhse a shonraítear. D’oibrigh an Oifig um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal leis na hÚdaráis Leabharlanna agus le soláthraithe an Chórais Bhainistíochta Leabharlanna dá gcuid chun an modúl um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal a shuiteáil agus a thástáil.
Ina theannta sin, d’oibrigh an Chomhairle go dlúth le Cláraitheoir an Chirt chun Iasachtaithe Phoiblí sa Ríocht Aontaithe, atá ag cur seirbhísí ríomhaireachta ar fáil don Oifig um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal in Éirinn.
Ba i Nollaig 2008 a foilsíodh na rialacháin chun an scéim a bhunú go foirmiúil agus chun na critéir intofachta a leagan amach (I.R. Uimhir 597 de 2008). Faoi na Rialacháin sainítear Stiúrthóir na Comhairle Leabharlanna mar an gCláraitheoir um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal.
Cuirfear tús in Eanáir 2009 le bailiú na sonraí d’iasachtaí leabharlanna agus osclóidh an Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal i gcomhair clárúchán údar.
Ba mhaith leis an gComhairle a buíochas a ghabháil leis na húdaráis leabharlanna poiblí as a gcomhoibriú ó thaobh an Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal a bhunú agus a oibriú ar bhonn leanúnach, agus le Cláraitheoir an Chirt chun Iasachtaithe Phoiblí sa Ríocht Aontaithe as a chomhairle agus a thacaíocht.
