1.1 Feidhmeanna
Bunaíodh an Chomhairle Leabharlana faoin Acht Leabharlanna Poiblí 1947. Is iad a cuid feidhmeanna de réir an Achta Rialtais Áitiúil 2001 ná:
a. comhairle, cúnamh agus seirbhísí a chur ar fáil d’údaráis áitiúla i ndáil le seirbhís na leabharlanna poiblí,
b. cibé moltaí a dhéanamh agus cibé seirbhísí a chur ar fáil don Aire [Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil] i ndáil le seirbhís na leabharlanna poiblí de réir mar a fhéadfaidh an tAire a iarraidh nó de réir mar is cuí leis an gComhairle,
c. gníomhaíocht chun comhoibriú idir leabharlanna a chur chun cinn agus a éascú, agus
d. cothabháil agus oibriú na leabharlainne lárnaí a bunaíodh faoi alt 2 den Acht [Leabharlanna Poiblí] 1947.
Ar 31 Nollaig 2008 shínigh an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Michael Kitt T.D. Na Rialacháin Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar (Scéim um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal) 2008, a shainigh Stiúrthóir na Comhairle mar Chláraitheoir na Scéime um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal.
Tá feidhmeanna na Comhairle sínte dá réir sin, mar a leanas:
e. cibé feidhmeanna eile atá sonraithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 42A den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000.
1.2 Ballraíocht
Is iad atá ar an gComhairle ná Cathaoirleach agus dháréag ball eile a cheaptar ar bhonn tréimhse cúig bliana. An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a cheapann an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta. Ceapann an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil beirt bhall agus ceapann an tAire an chuid eile acu ar iad a bheith ainmnithe ag comhlachtaí sonraithe.
